Ionas go gceadófaí do mhac léinn dul isteach ar an Scrúdú don Chéim BA (Hons) sa Léann Ceilteach ní foláir: (a) Cailíocht iontrála Dhámh na nEalaíon a bheith faighte aige/aici trí bliana ar a laghad roimhe sin; (b) Scrúdú na Chéad Bhliana Ollscoile sna hEalaíona, agus meánmharc 60% sa Ghaeilge agus in ábhar amháin eile ón liosta aitheanta, a bheith faighte aige/aici dhá bhlian ar a laghad roimhe sin; (c) Scrúdú na Dara Bliana Ollscoile sna hEalaíona a bheith faighte aige/aici bliain ar a laghad roimhe sin; (d) Freastal sásúil a bheith déanta aige/aici ar feadh dhá bhliain ar a laghad (i.e. sa dara agus sa tríú bliain), tar éis do/di cúrsaí na céad bhliana a fhreastal, ar na cúrsaí atá leagtha síos i gceann amháin de na ranna onóracha so thíos. An duine atá ag cuimhneamh ar ghabháil leis an Léann Ceilteach sa Dara agus sa Tríú Bliain ba chabhair áirithe dó an t-ábhar Celtic Civilisation a dhéanamh mar cheann de na ceithre hábhair aige/aici i nDámh na nEalaíon sa Chéad Bhliain.
Cé gur le cúrsaí an Léinn Cheiltigh a théann an chéim is i nDámh na nEalaíon a bronntar í.
ROGHANNA ONÓRACHA
Grúpa A
(i) Sean agus Meán-Ghaeilge agus Meán-Bhreatnais
(ii) Nua-Ghaeilge agus aonaid áirithe de chuid an
Léinn Dúchais
Ní gá an Bhreatnais ná an Léann
Dúchais a bheith tógtha mar ábhar sa Chéad
Bhliain ag an té a roghnóidh an grúpa so.
nó
Grúpa B
(i) Sean agus Meán-Ghaeilge agus Meán-Bhreatnais
(ii) Stair agus Seandálaíocht na hÉireann
Ní chaithfidh an Bhreatnais ná an
tSeandálaíocht a bheith déanta ag an mac
léinn sa Chéad Bhliain. Caithfidh an Stair a bheith
déanta aige/aici, áfach, agus onóracha
gnóthaithe aige/aici inti.
NA CLÁIR STAIDÉIR
Grúpa A
(i) Sean agus Meán-Ghaeilge agus Meán-Bhreatnais
An Dara Bliain
a. Bunchúrsa teangan. Téacs: Old-Irish Paradigms and
Selections from the Old-Irish Glosses (Strachan and Bergin).
b. Cúrsa litríochta: an filíocht phearsanta.
c. Staidéar téacsúil: an
scéalaíocht. Téacsaí: Scéla Mucce
Meic Dathó (Thurneysen); Serglige Con Culainn (Dillon).
Iarrfar ar gach mac léinn aiste a scríobh ar
ábhar speisialta.
d. An teangeolaíocht Cheilteach.
e. An Mheán-Bhreatnais. Téacs próis: Branwen Uerch
Lyr (Thomson).
An Triú Bliain
a. Cúrsa teangan. Téacsaí: Stories from the
Táin (Strachan and Bergin); Old-Irish Reader (Thurneysen);
téacsaí roghnaithe eile.
b. Cúrsa litríochta: stair litríocht na Gaeilge
anuas go dtí 1200 A.D.
c. Staidéar téacsúil; litríocht na
Críostaíochta. Téacsaí: The Irish Adam and
Eve Story from Saltair na Rann (Greene and Kelly); Bethu Brigte
(Ó hAodha); Féilire Oengusso Céili Dé
(Stokes) - sliocht as an bPrólog. Iarrfar ar gach mac
léinn aiste a scríobh ar ábhar speisialta.
d. Léamh lámhscríbhinní.
e. An Mheán-Bhreatnais. Téacs filíochta: The Poems
of Taliesin (I. Williams and J.E.C. Williams).
(ii) Nua-Ghaeilge agus aonaid áirithe de chuid an Léinn Dúchais
Beidh an cúrsa Nua-Ghaeilge anso ar aon dul leis siúd a tabharfar i nDámh na nEalaíon.
Is iad aonaid Bhéaloidis an Léinn Dúchais go ndéanfar staidéar orthu (dhá cheann in aghaidh na bliana).
Grúpa B
(i) Sean agus Meán-Ghaeilge agus Meán-Bhreatnais
Faoi mar a bhí thuas le Grúpa A.
(ii) Stair agus Seandálaíocht na hÉireann
De réir mar a bheidh fáil ar aonaid oiriúnacha ó Roinn Stair na hÉireann agus ó Roinn na Seandálaíochta in aon bhliain fé leith.