2020/2021

DÁMH AN LÉINN CHEILTIGH

CÉIM BA (HONS) SA LÉANN CEILTEACH

NFQ Level 8, Major Award

Note: Every effort has been made to ensure that the programme and module content as described in the University's Calendar and Book of Modules for the 2020-21 academic year are accurate. However, due to the Coronavirus (COVID-19) pandemic, no guarantee is given that programme/module content, delivery and assessment may not be altered, cancelled, replaced, augmented or otherwise amended. Any changes will ensure the same competencies and Learning Outcomes are met. Programme and/or Module Coordinators will communicate any such changes to students.

Ionas go gceadófaí do mhac léinn dul isteach ar an Scrúdú don Chéim BA (Hons) sa Léann Ceilteach ní foláir: (a) Cailíocht iontrála Dhámh na nEalaíon a bheith faighte aige/aici trí bliana ar a laghad roimhe sin; (b) Scrúdú na Chéad Bhliana Ollscoile sna hEalaíona, agus meánmharc 60% sa Ghaeilge agus in ábhar amháin eile ón liosta aitheanta, a bheith faighte aige/aici dhá bhlian ar a laghad roimhe sin; (c) Scrúdú na Dara Bliana Ollscoile sna hEalaíona a bheith faighte aige/aici bliain ar a laghad roimhe sin; (d) Freastal sásúil a bheith déanta aige/aici ar feadh dhá bhliain ar a laghad (i.e. sa dara agus sa tríú bliain), tar éis do/di cúrsaí na céad bhliana a fhreastal, ar na cúrsaí atá leagtha síos i gceann amháin de na ranna onóracha so thíos. An duine atá ag cuimhneamh ar ghabháil leis an Léann Ceilteach sa Dara agus sa Tríú Bliain ba chabhair áirithe dó an t-ábhar Celtic Civilisation a dhéanamh mar cheann de na ceithre hábhair aige/aici i nDámh na nEalaíon sa Chéad Bhliain.

Cé gur le cúrsaí an Léinn Cheiltigh a théann an chéim is i nDámh na nEalaíon a bronntar í.

ROGHANNA ONÓRACHA

Grúpa A

(i) Sean agus Meán-Ghaeilge agus Meán-Bhreatnais
(ii) Nua-Ghaeilge agus aonaid áirithe de chuid an Léinn Dúchais
Ní gá an Bhreatnais ná an Léann Dúchais a bheith tógtha mar ábhar sa Chéad Bhliain ag an té a roghnóidh an grúpa so.

Grúpa B

(i) Sean agus Meán-Ghaeilge agus Meán-Bhreatnais
(ii) Stair agus Seandálaíocht na hÉireann

Ní chaithfidh an Bhreatnais ná an tSeandálaíocht a bheith déanta ag an mac léinn sa Chéad Bhliain. Caithfidh an Stair a bheith déanta aige/aici, áfach, agus onóracha gnóthaithe aige/aici inti.

NA CLÁIR STAIDÉIR

Grúpa A

(i) Sean agus Meán-Ghaeilge agus Meán-Bhreatnais

An Dara Bliain
a. Bunchúrsa teangan. Téacs: Old-Irish Paradigms and Selections from the Old-Irish Glosses (Strachan and Bergin).
b. Cúrsa litríochta: an filíocht phearsanta.
c. Staidéar téacsúil: an scéalaíocht. Téacsaí: Scéla Mucce Meic Dathó (Thurneysen); Serglige Con Culainn (Dillon).

Iarrfar ar gach mac léinn aiste a scríobh ar ábhar speisialta.
d. An teangeolaíocht Cheilteach.
e. An Mheán-Bhreatnais. Téacs próis: Branwen Uerch Lyr (Thomson).

An Triú Bliain
a. Cúrsa teangan. Téacsaí: Stories from the Táin (Strachan and Bergin); Old-Irish Reader (Thurneysen); téacsaí roghnaithe eile.
b. Cúrsa litríochta: stair litríocht na Gaeilge anuas go dtí 1200 A.D.
c. Staidéar téacsúil; litríocht na Críostaíochta. Téacsaí: The Irish Adam and Eve Story from Saltair na Rann (Greene and Kelly); Bethu Brigte (Ó hAodha); Féilire Oengusso Céili Dé (Stokes) - sliocht as an bPrólog. Iarrfar ar gach mac léinn aiste a scríobh ar ábhar speisialta.
d. Léamh lámhscríbhinní.
e. An Mheán-Bhreatnais. Téacs filíochta: The Poems of Taliesin (I. Williams and J.E.C. Williams).

(ii) Nua-Ghaeilge agus aonaid áirithe de chuid an Léinn Dúchais

Beidh an cúrsa Nua-Ghaeilge anso ar aon dul leis siúd a tabharfar i nDámh na nEalaíon.

Is iad aonaid Bhéaloidis an Léinn Dúchais go ndéanfar staidéar orthu (dhá cheann in aghaidh na bliana).

Grúpa B

(i) Sean agus Meán-Ghaeilge agus Meán-Bhreatnais

Faoi mar a bhí thuas le Grúpa A.

(ii) Stair agus Seandálaíocht na hÉireann

De réir mar a bheidh fáil ar aonaid oiriúnacha ó Roinn Stair na hÉireann agus ó Roinn na Seandálaíochta in aon bhliain fé leith.


Open ALL sections above