Is mian leis na hÚdaráis anseo go gcuirfí an Ghaeilge chun cinn i ngnáthshaol na hOllscoile i measc na foirne agus na mac léinn, chomh maith. Chuige seo tá, i measc nithe eile, an bheartaíocht seo leanas déanta acu:
Bunú Ionad Cónaithe Gaeilge do mhic léinn atá ina chuid de Bhrú na hOllscoile, University Hall, Crosaire Victoria, Corcaigh. ‘Áras Uí Thuama’ is ainm don Ionad sin.
Cúrsaí deonacha sa Ghaeilge labhartha a chur ar fáil don bhfoireann agus do na mic léinn nach bhfuil an Ghaeilge mar ábhar scrúdaithe acu.
Cúrsaí Gaeilge i scileanna feidhmeacha m.sh. ríomhaireacht.
Sainchúrsaí gramadaí agus iriseoireachta.
Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta do mhic léinn COC.
Dioplóma sna hEalaíona (An Ghaeilge Fheidhmeach).
Cúrsaí seachtaine agus deireadh seachtaine do mhic léinn i nDún Chíomháin, áitreabh de chuid an Choláiste i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí, i gcaitheamh na bliana.
Scéim na dTeaghlach a eagraítear d’fhoireann COC i rith an tSamhraidh i nDún Chíomháin.
Sraith léachtaí poiblí as Gaeilge ar ábhair spéisiúla le cainteoirí aithnidiúla.
Cabhrú le himeachtaí áirithe i measc na mac léinn agus an phobail, ar nós Spraoi Cois Laoi agus Seachtain na Gaeilge.
Seomra Caidrimh Gaeilge don bhfoireann: bíonn fáil ag mic léinn ar an Seomra Caidrimh leis ach faoi stiúir baill den bhfoireann.
Bíonn irisí, nuachtáin agus leabhair Ghaeilge ar fáil ann. Bíonn nuachtáin idirnáisiúnta ar fáil ann chomh maith.
‘Scéim na Scol’ i gcomhair meánscoileanna Gaeilge ar fud na Mumhan.
Ceol Gaelach - Am lóin gach Céadaoin i rith an téarma bíonn seisiún ceoil thraidisiúnta sa Seomra Caidrimh agus fáilte roimh chách ann.
Cnuasach de théipeanna bunaidh (fís agus fuaim) ón nGaeltacht agus as áiteanna éagsúla ar fud na hÉireann.
Cuireann an tAonad Aistriúcháin agus Ateangaireachta seirbhís iomlán aistriúcháin agus ateangaireachta ar don ollscoil agus do chliaint lasmuigh di más comhdháil le léacht i nGaeilge agus lucht éisteachta ar bheagán nó gan aon Ghaeilge – tá an réiteach againn le treallamh ateangaireachta chomhuainigh; más téarmaí, teidil nó tuarascálacha tá an taithí ag an Aonad seo an gnó a dhéanamh – glaoigh ar 00 353 21 4903105.
Is féidir gach eolas faoi na cúrsaí teanga agus na himeachtaí thuas a fháil ón Rúnaíocht in Ionad na Gaeilge Labhartha, G02 Áras Uí Rathaille, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Éire – glaoigh ar 00 353 21 4903529.