Is mian leis na hÚdaráis anseo go gcuirfí an Ghaeilge chun cinn i ngnáthshaol na hOllscoile i measc na foirne agus na mac léinn, chomh maith. Tá an bheartaíocht seo leanas déanta acu chuige seo i measc nithe eile:
Bunú Ionad Cónaithe Gaeilge do mhic léinn atá ina chuid de Bhrú na hOllscoile, University Hall, Crosaire Victoria, Corcaigh. Áras Uí Thuama is ainm don Ionad sin.
Cúrsaí deonacha sa Ghaeilge labhartha a chur ar fáil don fhoireann agus do na mic léinn nach bhfuil an Ghaeilge mar ábhar scrúdaithe acu.
Cúrsaí Gaeilge i scileanna feidhmeacha m.sh. ríomhaireachta.
Sainchúrsaí gramadaí agus iriseoireachta.
Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta do mhic léinn COC.
Dioplóma sna hEalaíona (An Ghaeilge Fheidhmeach).
Cúrsaí seachtaine agus deireadh seachtaine a sholáthar do mhic léinn i nDún Chíomháin, áitreabh de chuid an Choláiste i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, i gcaitheamh na bliana.
Scéim na dTeaghlach a eagraítear d’fhoireann COC i rith an tSamhraidh i nDún Chíomháin.
Sraith léachtaí poiblí as Gaeilge ar ábhair spéisiúla le cainteoirí aithnidiúla.
Cabhrú le himeachtaí áirithe i measc na mac léinn agus an phobail, ar nós Spraoi Cois Laoi.
Seomra Caidrimh Gaeilge don fhoireann: bíonn cead isteach ag mic léinn ann faoi stiúrú baill den fhoireann.
Bíonn irisí, nuachtáin agus leabhair Ghaeilge ar fáil ann. Bíonn nuachtáin idirnáisiúnta ar fáil ann chomh maith.
Scéim na Scol i gcomhair meánscoileanna Gaeilge.
Seisiún Ceoil - Am lóin gach Céadaoin i rith an téarma bíonn seisiún ceoil thraidisiúnta sa Seomra Caidrimh agus fáilte roimh chách ann.
Cnuasach de théipeanna bunaidh (fís agus fuaim) ón nGaeltacht agus as áiteanna éagsúla ar fud na hÉireann.
Seirbhís aistriúcháin.
Is féidir gach eolas faoi na cúrsaí teanga agus na himeachtaí thuas a fháil ó Ionad na Gaeilge Labhartha, Áras Uí Rathaille, Coláiste na hOllscoile Corcaigh.